Tá oidhreacht shaibhir talmhaíochta ag Éirinn a shíneann na mílte bliain siar. Tá an oidhreacht uathúil sin i mbaol méadaitheach i láthair na huaire seo, áfach, de bharr athruithe ar chleachtais feirmeoireachta agus brúnna comhshaoil.

Chuir Anita Hayes Cumann Lucht Sábhála Shíolta na hÉireann ar bun sa bhliain 1991. Ba é an aidhm a bhí léi acmhainní géiniteacha plandaí a chosaint, a chaomhnú agus a úsáid, lena n-áirítear síolta agus gráinní neamhchoitianta oidhreachta. Rinneadh an obair ar an gcéad dul síos ar fheirm bheag i gContae Cheatharlach sular aslonnaíodh í chuig an gCeapach Rua, an Scairbh, Contae an Chláir, sa bhliain 1996.

Is fiontar sóisialta é Cumann Lucht Sábhála Shíolta na hÉireann a oibríonn le 26 bhall foirne thiomnaithe. Oibrithe páirtaimseartha iad formhór na mball foirne. Tá ag an gCumann thart ar 600 cineál glasra; 48 gcineál gráinne; 140 cineál úill dhúchasaigh agus bailiúchán prátaí.

Ceann amháin de phríomhaidhmeanna Chumann Lucht Sábhála Shíolta na hÉireann is ea feasacht an phobail ar a leochailí atá bithéagsúlacht talmhaíochta na hÉireann a mhéadú trí cheardlanna a chur ar siúl i scoileanna agus i measc grúpaí pobail. Pléitear ábhair éagsúla leis na ceardlanna, lena n-áirítear garraíodóireacht orgánach, úlloird a chur ar bun, cáiseoireacht agus beachaireacht.

Cuireann an Cumann an-chuid den rath sin síos don fháil ar chistiú chlár LEADER. Baineadh úsáid as an gcistiú sin chun obair bhunriachtanach a dhéanamh, lenar áiríodh scioból stórála agus saoráid próiseála síolta a thógáil agus banc síolta a fheistiú.

Bíonn an Cumann ag méadú raon feidhme a chuid oibre de shíor. Áirítear leis na tionscadail ar tugadh fúthu le déanaí coillearnach leathanduilleogach agus tearmann fiadhúlra a chur ar bun.

Féach www.irishseedsavers.ie