Tá Grúpa Pobail na Ráithe, atá lonnaithe i mbaile fearainn atá suite idir bailte móra Ráth Maoláin, Ráth Mealtain, Bhaile na nGallóglach agus na Ceathrún Caoile i gCo. Dhún na nGall, ag gabháil d’fhorbairt áitiúil agus pobail le roinnt blianta anuas ina cheantar féin.
Thar an tréimhse sin, tá an grúpa ag obair gan stad chun deiseanna áineasa agus spóirt a chur ar fáil don phobal, lena n-áirítear faichí imeartha, seomraí gléasta agus cúirt leadóige, ar nithe iad sin ar fad a maoiníodh trí dheontais bheaga agus trí ghníomhaíochtaí bailithe airgid a cuireadh i gcrích laistigh den phobal. Ba é a bhí i bhfís an ghrúpa ná go mbeadh ionad nua pobail ina mhol i gcroílár an phobail agus go dtabharfadh sé borradh sóisialta a raibh géarghá leis don cheantar.


Arsa Fiona Boyle, Cathaoirleach Ghrúpa Pobail na Ráithe, “Bhí fís mhór againn, cinnte, agus shíl roinnt daoine go raibh sí rómhór do phobal beag dár leithéid, ach bhí a fhios againn go dtiocfadh linn ár n-aidhm a bhaint amach maidir le lárionad a thógáil dár bpobal”.
...bhí a fhios againn go dtiocfadh linn ár n-aidhm a bhaint amach maidir le lárionad a thógáil dár bpobal”

