Chuir Caroline Gordon agus Cian Ó Conchúir Sólás na Mara ar bun sa bhliain 2012. Tá sé lonnaithe in aice na cé i Heilbhic, an Rinn, i gceantar Gaeltachta Chontae Phort Láirge. Maoiníodh an tionscnamh go páirteach le clár LEADER (2007-2013) tar éis comhairle agus treoir a fháil ó Chomhpháirtíocht LEADER Phort Láirge.
Agus iad ag baint leas as rath na bhfolcadán feamainne atá lonnaithe feadh chósta na hÉireann, d’aithin Caroline agus Cian acmhainn Shólás na Mara i gceantar cósta na Rinne. Ós rud é gur thuig siad na sochair eolaíocha agus leighis a bhaineann le cóireálacha folcadáin feamainne, d’aithin siad go raibh deis ann leis an gcóireáil thraidisiúnta dhúchasach sin a chomhcheangal leis an eolas, an saineolas agus na scileanna eolaíocha uathúla a bhí acu.

Cuireann Sólás na Mara bothán snámha feamainne ar fáil i dteannta seirbhísí coimhdeacha, lena n-áirítear suathaireacht, teiripe fhisiciúil, snáthaidpholladh agus cumhartheiripe. Tá spórtlann athshlánúcháin agus caifé sólaistí aige freisin. Fostaíonn sé beirt bhall foirne lánaimseartha agus seisear ball foirne páirtaimseartha faoi láthair. D’éirigh leis seirbhís nideoige a bhunú i gceantar tuaithe, agus é ag baint leas as uisce farraige agus feamainn mar acmhainní nádúrtha a bhfuil fáil réidh orthu.
Is féidir tuilleadh faisnéise faoin tionscadal a fháil ag an seoladh seo: http://bit.ly/2aLV0dX
Is féidir tuilleadh faisnéise faoi Shólás na Mara a fháil ag www.solasnamara.ie

