Tá Cuideachta Forbartha Thiobraid Árann Theas ag obair go fairsing ar an earnáil fiontraíochta a fhorbairt agus ar mheon na fiontraíochta a chothú sa chontae trí shraith tionscadal a chistítear faoi Chlár Forbartha Tuaithe LEADER 2007-2013. Cosúil le lear bailte tuaithe ar fud na hÉireann, tá Baile Thiobraid Árann ag fulaingt impleachtaí an choir chun donais sa gheilleagar go mór agus tá ráta ard dífhostaíochta ann sa bhaile. Mar chuid dá fhreagairt do na deacrachtaí eacnamaíocha, chuir an baile Grúpa Stiúrtha Eacnamaíoch ar bun. Cuireadh de chúram ar an ngrúpa sin roinnt straitéisí a fhorbairt lena gcabhrófaí leis an mbaile dul ar an mbóthar ceart an athuair.

Chuaigh Cuideachta Forbartha Thiobraid Árann Theas i dteagmháil leis an ngrúpa chun plé a dhéanamh ar an smaoineamh um Chomórtas Fiontraíochta ar nós The Apprentice a fhorbairt.  Ba é an bunsmaoineamh taobh thiar de ná grúpa de 15 dhuine a bhí dífhostaithe go fadtéarmach agus a raibh smaoineamh gnó acu a shainaithint.  Cuireadh an grúpa faoi dhianchúrsa oiliúna gnó i dtimpeallacht seomra ranga.  Mar chuid den chúrsa, fuair gach rannpháirtí meantóireacht duine le duine chun cabhrú leo taighde agus forbairt a dhéanamh ar a smaointe aonair le linn dóibh tacaíocht agus treoir a fháil óna n-oiliúnóirí, ón mbeochantóir agus ó phiaraí. Chuir gach rannpháirtí a bplean gnó i láthair foireann saineolaithe. Roghnaíodh “Fiontraí na Bliana do Thiobraid Árann” ag Ócáid Cheiliúrtha sa bhliain 2013.

Bhí roinnt éachtaí ag baint leis an tionscadal, lena n-áirítear:

-          Is féidir an clár a chur ar bun in áit eile go héasca. Reáchtáil Cuideachta Forbartha Thiobraid Árann Theas é in dhá bhaile eile sa chontae.

-          Bhí an tionscadal ina ‘scéal dea-scéala’ do Bhaile Thiobraid Árann agus mheall sé raidhse tuairimí dearfacha.

Grianghraf: Niamh O’Dwyer ó Organic Little One.