31 Plean Cultúir Áitiúil leis an gcruthaitheacht a bhrú chun cinn i ngach pobal ar fud na tíre – an Taoiseach agus an tAire Humphreys
Rinne an Taoiseach Enda Kenny TD agus an tAire Ealaíon, Oidhreachta, Gnóthaí Réigiúnacha, Tuaithe agus Gaeltachta, Heather Humphreys TD, 31 Plean Cultúir agus Cruthaitheachta na nÚdarás Áitiúil do 2017 a sheoladh inniu (Déardaoin) mar chuid de Chlár Éire Ildánach, ag ócáid speisialta i gCaisleán Bhaile Átha Cliath ag a raibh tabhiú ó Music Generation Cheatharlach, comharghrúpa sárcheoltóirí óga traidisiúnta.
Tá forbairt Phlean Cultúir do gach contae ina bhunchloch de Cholún 2 Chlár Éire Ildánach – Bonn a chur faoin gCruthaitheacht i ngach Pobal. Ó seoladh Éire Ildánach i mí na Nollag 2016, tá Foireann Chultúir curtha ar bun ag gach Údarás Áitiúil lena n-áirítear oifigigh ealaíon, oifigigh oidhreachta, leabharlannaithe, coimeádaithe músaem agus gailearaithe, faoi stiúir chomhordaitheoir áitiúil Éire Ildánach. Tá plean dá gcontae curtha le chéile anois ag gach Foireann le pobail agus saoránaigh a spreagadh chun páirt a ghlacadh agus lena gcumas cruthaitheach a fhuascailt. Féach ar an alt iomlán anseo
View Full Article
