Bio-Fiontar Academy - Gairm Náisiúnta á eisiúint le haghaidh Iarratais
Tá an tionscadal AgriForValor H2020 tar éis gairm náisiúnta a eisiúint le haghaidh iarratais don 'Bio-Fiontar Academy', dianchlár tacaíochta do thaighdeoirí agus fiontraithe.
Tá an tAcadamh deartha do nuálaithe a bhfuil smaointe, réitigh & teicneolaíochtaí úrnua acu maidir le bithmhais agus sruthanna tánaisteacha bithmhaise ó na hearnálacha talmhaíochta agus foraoiseachta a luachshocrú.
Roghnófar na nuálaíochtaí is mó acmhainneachta le páirt a ghlacadh sa chlár a bheidh ar siúl (in Éirinn) ó mhí na Samhna 2017 - Feabhra 2018.
Gheobhaidh rannpháirtithe luach €5000 de shainoiliúint agus meantóireacht d’fhonn iad a chumasú leis na chéad chéimeanna eile a ghlacadh i dtreo tráchtálú a dhéanamh ar a nuálaíocht bhithbhunaithe, chomh maith leis an deis freastal ar mhisin chuig fiontair bhithbhunaithe úrscothacha san Ísiltír in earrach na bliana 2018.
Bronnfar gradam don ‘Múnla Gnó is Fearr’ ag deireadh an acadaimh ar bhuaiteoir amháin ag comhdháil idirnáisiúnta AgriForValor i mí Lúnasa 2018.
Ceangailte leis seo tá bileog ar a bhfuil cur síos ar an acadamh chomh maith leis an bhfoirm iarratais. Ba chóir iarratais a sheoladh ar ríomhphost chuig cliodhna.dowling@staff.ittralee.ie tráth nach déanaí ná an 29.09.2017.
Bio-Enterprise Academy Application Form
Bio-Enterprise Academy Flyer_pdf
View Full Article

