Ceadaíonn an tAire Stáit Ring maoiniú €1.21m do thionscnaimh Céadfhreagartha Éigeandála i gceantair CLÁR
Cheadaigh an tAire Stáit um Fhorbairt Eacnamaíoch Réigiúnach, Michael Ring T.D., inniu (De hAoine) €1.21 milliún do réimse eagraíochtaí ar fud na tíre faoin mbeart Céadfhreagartha Éigeandála faoin scéim CLÁR. Cuirfidh an maoiniú tacaíocht ar fáil d’eagraíochtaí a bhfuil baint acu ar bhonn deonach le gníomhú i gcásanna éigeandála i gceantair CLÁR. Gheobhaidh réimse eagraíochtaí maoiniú - idir ghrúpaí beaga Céadfhreagartha Pobail agus fhoirne Tarrthála Sléibhe agus Fo-Uisce. Féach ar an alt iomlán anseo
View Full Article
