Chuir an tAire Ring fáilte roimh na Sonraí Iarratais le haghaidh Tionscaimh Feirmeoireachta Sóisialta agus Turasóireachta Agraibhia faoin gCiste Nuálaíochta agus Forbartha Tuaithe, a fógraíodh inniu. Is nós imeachta soláthair phoiblí é seo atá á reáchtáil ag an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara.

Agus é ag labhairt inniu, dúirt an tAire Ring “Tá lúcháir orm dul chun cinn leanúnach a fheiceáil ar chur i bhfeidhm Phlean Gníomhaíochta an Rialtais um Fhorbairt Tuaithe agus tá fáilte mhór roimh an bhfógairt seo inniu.  Tá an turasóireacht agraibhia ríthábhachtach ó thaobh tacú le fiontraíocht agus fostaíocht i bpobail tuaithe agus is príomhghné den Phlean Gníomhaíochta um Fhorbairt Tuaithe í an Fheirmeoireacht Shóisialta freisin.”

Seo a leanas an cistiú iomlán atá ar fáil:

  • €370,000 le haghaidh trí thionscadal samhla feirmeoireachta sóisialta ar a laghad, a mbeidh tairbhe náisiúnta inléirithe ag baint leo, agus
  • €450,000 le haghaidh 9 dtionscadal ar a laghad a thacaíonn le tionscnaimh turasóireachta agraibhia (féadfar margaí tuaithe bheith san áireamh leo).
View Full Article