Próiseas Comhairliúcháin Phoiblí ar Straitéis na nGlasbhealaí
Foilsíodh páipéar comhairliúcháin phoiblí ar “Strategy for the Future Development of Greenways” i mí na Bealtaine a thug cuireadh do pháirtithe leasmhara aighneachtaí a chur isteach faoin 14 Iúil ar na ceisteanna a ardaíodh sa pháipéar.
Tá ag éirí thar barr le Glasbhealach Mór an Iarthair i Maigh Eo agus le Glasbhealach Phort Láirge agus tairbhí móra á mbaint ag pobail tuaithe astu ó thaobh na buntáistí suntasacha turasóireachta atá dá mbarr agus cuireann siad rogha níos inbhuanaithe iompair ar fáil do mhórán pobal.
Leagtar amach sa pháipéar comhairliúcháin phoiblí an comhthéacs polasaí d’infheistíocht an Rialtais sna Glasbhealaí, lena n-áirítear a luach ó thaobh geilleagair, sláinte, pobail agus athnuanacha tuaithe agus réigiúnaí. Is é aidhm an phróisis chomhairliúcháin seo a chinntiú go nglacfar an cur chuige ceart i dtaca le tionscnaimh Ghlasbhealaí amach anseo agus táthar ag súil go gcuirfidh a mhéid daoine is féidir aighneachtaí isteach faoin 14 Iúil.
Tá sé tábhachtach go mbeadh an tairbhe is mó is féidir le fáil ag pobail, agus ag an tír i gcoitinne, as an infheistíocht a dhéanfar sna glasbhealaí. Feidhmeoidh toradh an phróisis chomhairliúcháin seo mar bhonn d'fhorbairt Straitéis nua do na Glasbhealaí chun a chinntiú go gcaithfear maoiniú amach anseo ar na tionscadail chearta, sna ceantair chearta agus ag an am ceart.
Tá tuilleadh eolais faoin bpáipéar comhairliúcháin phoiblí ar fáil ar shuíomh gréasáin na Roinne Turasóireachta, Spóirt agus Iompair agus ar an suíomh gréasáin Smarter Travel ag na naisc thíos:
http://www.dttas.ie/publications
www.smartertravel.ie/content/greenways(nasc seachtrach
Mar atá leagtha amach sa pháipéar comhairliúcháin, is féidir aighneachtaí a chur isteach go leictreonach chuig greenways@dttas.ie(seolann an nasc rphost)nó ar an bpost chuig:
An Rannán Iompair Inbhuanaithe
An Roinn Iompair, Turasóireachta agus Spóirt
Lána Líosain
D02 TR60
Is é Dé hAoine, 14 Iúil 2017, an spriocdháta le haghaidh aighneachtaí.
Ceangaltán Comhaid:
20170519-publication-version0.pdf(link is external)
20170518-greenways-map0.pdf(link is external)
Céad-dáta Foilseacháin:
Dé Luain, 22 Bealtaine 2017
View Full Article
