Rinne an tAire Post, Fiontar agus Nuálaíochta, Mary Mitchell O'Connor TD agus an tAire Stáit um Fhostaíocht agus Ghnóthais Bheaga, Pat Breen TD, Ciste Forbartha Fiontraíochta Réigiúnaí nua de luach suas le €60m a sheoladh inniu (an 29 Bealtaine).

Tá an cistiú iomaíoch seo á chur ar fáil ag an Roinn Post trí Fiontraíocht Éireann agus is príomhghníomh é d’fhonn tacú leis an bPlean Gníomhaíochta Réigiúnach do Phoist agus an Plean Gníomhaíochta um Fhorbairt Tuaithe. Tá sé mar aidhm ag an gCiste dlús a chur faoin téarnamh geilleagrach i ngach cearn den tír trí barr feabhais a chur ar acmhainneacht na láidreachtaí fiontraíochta áitiúla agus réigiúnacha. Tacóidh an Ciste le comhthionscnaimh shuntasacha réigiúnacha chun cur le láidreachtaí earnálacha i dtionscail shonracha agus acmhainneacht fiontraíochta a fheabhsú, ar an dóigh sin ag spreagadh cruthú post. Féach ar an alt iomlán anseo

View Full Article