Léiríonn na figiúirí is déanaí ón Phríomh-Oifig Staidrimh dea-scéala maidir le fás réigiúnach post
Léiríonn na figiúirí is déanaí ón Phríomh-Oifig Staidrimh dea-scéala maidir le fás réigiúnach post
Tháinig méadú de 68,600 post in aghaidh na bliana ar an bhfostaíocht sa chéad ráithe de 2017, agus tharla trí cheathrú (53,100) den fhás iomlán sin lasmuigh de Bhaile Átha Cliath.
Thit an ráta dífhostaíochta atá coigeartaithe de réir séasúir ó 7.1% go 6.8% sa chéad trí mhí den bhliain, agus tháinig laghdú ar an dífhostaíocht i ngach réigiún den tír.
Is ceann de phríomhchuspóirí an Phlean Gníomhaíochta um Fhorbairt Tuaithe tacú le 135,000 post a chruthú lasmuigh de Bhaile Átha Cliath faoi 2020. Bainfidh an Rialtas é sin amach trí raon beart ar nós turasóireacht tuaithe a mhéadú de 12%, tacú le gnóthais dhúchasacha agus tuilleadh infheistíochta dírí eachtraí a mhealladh chuig na réigiúin.
Cliceáil anseo chun tuilleadh eolais a fháil faoi Shuirbhé Náisiúnta Ráithiúil Teaghlaigh na Príomhoifige Staidrimh do Ráithe 1 2017, a foilsíodh ar an 23 Bealtaine 2017
View Full Article
