Scéim Athnuachana Bailte agus Sráidbhailte 2017 – Déan Iarratas Anois
I mí Aibreáin 2017, rinne Heather Humphreys T.D, an tAire Ealaíon, Oidhreachta, Gnóthaí Réigiúnacha, Tuaithe agus Gaeltachta agus Michael Ring, T.D., an tAire Stáit um Fhorbairt Eacnamaíoch Réigiúnach, Scéim Athnuachana Bailte agus Sráidbhailte 2017 a sheoladh.
Tá an scéim seo dírithe go sonrach ar bhailte agus sráidbhailte faoin tuath le daonra níos lú ná 10,000. Glacfar le hiarratais ar mhéideanna ó €20,000 go €100,000. Breathnófar freisin ar chistiú suas le €200,000 do líon teoranta tionscadal a bheidh in ann buntáiste an-mhór eacnamaíoch a chur ar fáil do bhaile agus don cheantar máguaird.
Tá údaráis áitiúla ar fud na tíre ag glacadh le hiarratais ar an scéim anois (tá na sonraí teagmhála ó gach údarás áitiúil don scéim le fail sa tábla thíos). Roghnóidh gach údarás áitiúil suas le 15 iarratas tionscadail faoin 30 Meitheamh lena gcur ar aghaidh chuig an Roinn don phróiseas roghnúcháin deiridh, a bheidh ar siúl i mí Iúil.
Is féidir teacht ar thuilleadh sonraí maidir leis an Scéim Athnuachana Bailte agus Sráidbhailte anseo.
San fhíseán a leanas tá achoimre ar an Scéim Athnuachana Bailte agus Sráidbhailte agus cineálacha na dtionscadal atá incháilithe.
Sonraí Teagmhála don Scéim Athnuachana Bailte agus Sráidbhailte
| Contae | Ainm | Seoladh Ríomhphoist |
| Comhairle Contae Cheatharlach | Bernie O’Brien | bobrien@carlowcoco.ie |
| Comhairle Contae Cheatharlach | Kieran Comerford | kcomerford@carlowcoco.ie |
| Comhairle Contae an Chabháin | Eoin Doyle | edoyle@cavancoco.ie |
| Comhairle Contae an Chláir | Leonard Cleary | lcleary@clarecoco.ie |
| Comhairle Cathrach Chorcaí | Pat Ledwidge | pat_ledwidge@corkcity.ie |
| Comhairle Cathrach Chorcaí | Valerie O’Sullivan | Valerie_osullivan@corkcity.ie |
| Comhairle Contae Chorcaí | Sharon Corcoran | sharon.corcoran@corkcoco.ie |
| Comhairle Contae Dhún na nGall | Paddy Doherty | paddy.doherty@donegalcoco.ie |
| Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath | Brendan Kenny | brendan.kenny@dublincity.ie |
| Comhairle Contae Dhún Laoghaire Ráth an Dúin | Dearbhla Lawson | dlawson@dlrcoco.ie |
| Comhairle Contae Fhine Gall | Ann Marie Farrelly | annmarie.farrelly@fingalcoco.ie |
| Comhairle Contae Fhine Gall | Ethna Felten | Ethna.Felten@fingal.ie |
| Comhairle Cathrach na Gaillimhe | Eileen Ruane | eileen.ruane@galwaycity.ie |
| Comhairle Contae na Gaillimhe | community@galwaycoco.ie | |
| Comhairle Contae Chiarraí | Michael Scannell | mscannell@kerrycoco.ie |
| Comhairle Contae Chill Dara | Peter Minnock | pminnock@kildarecoco.ie |
| Comhairle Contae Chill Dara | Sonia Kavanagh | skavanagh@kildarecoco.ie |
| Comhairle Contae Chill Chainnigh | Simon Walton | simon.walton@kilkennycoco.ie |
| Comhairle Contae Chill Chainnigh | Maria Melia | maria.melia@kilkennycoco.ie |
| Comhairle Contae Chill Chainnigh | Martin Prendiville | martin.prendiville@kilkennycoco.ie |
| Comhairle Contae Laoise | Kieran Kehoe | kkehoe@laoiscoco.ie |
| Comhairle Contae Laoise | Michael Rainey | mrainey@laoiscoco.ie |
| Comhairle Contae Laoise | Ann Marie Kelly | amkelly@laoiscoco.ie |
| Comhairle Contae Liatroma | Michelle Reynolds | mreynolds@leitrimcoco.ie |
| Comhairle Contae Liatroma | Terence McGovern | tmcgovern@leitrimcoco.ie |
| Comhairle Cathrach & Contae Luimnigh | Pat Daly | pat.daly@limerick.ie |
| Comhairle Contae an Longfoirt | Barbara Heslin | bheslin@longfordcoco.ie |
| Comhairle Contae an Longfoirt | Lorraine O’Connor | laustin@longfordcoco.ie |
| Comhairle Contae Lú | Mary T Daly | maryt.daly@louthcoco.ie |
| Comhairle Contae Mhaigh Eo | Joanne Grehan | Joanne.Grehan@mayococo.ie |
| Comhairle Contae Mhaigh Eo | Peter Hynes | phynes@mayococo.ie |
| Comhairle Contae na Mí | Barry Lynch | blynch@meathcoco.ie |
| Comhairle Contae Mhuineacháin | Paul Clifford | pclifford@monaghancoco.ie |
| Comhairle Contae Uíbh Fhailí | Declan Kirrane | dkirrane@offalycoco.ie |
| Comhairle Contae Ros Comáin | communitydev@roscommoncoco.ie | |
| Comhairle Contae Shligigh | Dorothy Clarke | dclarke@sligococo.ie |
| Comhairle Contae Shligigh | Michael Carty | mcarty@sligococo.ie |
| Comhairle Contae Shligigh | Ray O’Grady | rogrady@sligococo.ie |
| Comhairle Contae Átha Cliath Theas | Billy Coman | bcoman@sdublincoco.ie |
| Comhairle Contae Átha Cliath Theas | Colm Ward | cward@sdublincoco.ie |
| Comhairle Contae Átha Cliath Theas | Frank Nevin | fnevin@sdublincoco.ie |
| Comhairle Contae Thiobraid Árann | Sinead Carr | sinead.carr@tipperarycoco.ie |
| Comhairle Contae Thiobraid Árann | townandvillage2017@tipperarycoco.ie | |
| Comhairle Cathrach & Contae Phort Láirge | Joe Sullivan | jsullivan@waterfordcouncil.ie |
| Comhairle Cathrach & Contae Phort Láirge | Lar Power | lpower@waterfordcity.ie |
| Comhairle Cathrach & Contae Phort Láirge | Michael Quinn | mquinn@waterfordcouncil.ie |
| Comhairle Cathrach & Contae Phort Láirge | townvillagerenewal@waterfordcouncil.ie | |
| Comhairle Contae na hIarmhí | Barry Kehoe | bkehoe@westmeathcoco.ie |
| Comhairle Contae Loch Garman | Tony Larkin | Tony.Larkin@wexfordcoco.ie |
| Comhairle Contae Chill Mhantáin | Joe Lane | jlane@wicklowcoco.ie |
| Comhairle Contae Chill Mhantáin | Lorraine Lynch | llynch@wicklowcoco.ie |
Plean Gníomhaíochta d’Fhorbairt Tuaithe - Tuarascáil Eatramhach ar Dhul Chun Cinn
I mí Eanáir 2017, d’fhoilsigh Heather Humphreys, T.D., an tAire Ealaíon, Oidhreachta, Gnóthaí Réigiúnacha, Tuaithe agus Gaeltachta, an Plean Gníomhaíochta um Fhorbairt Tuaithe. Tá níos mó ná 270 gníomh sa Phlean Gníomhaíochta atá le cur i bhfeidhm ag raon Ranna Rialtais, gníomhaireachtaí Stáit agus comhlachtaí eile thar na trí bliana amach romhainn chun tacú le forbairt eacnamaíoch agus shóisialta cheantar tuaithe na hÉireann.
Tá Tuarascálacha ar Dhul Chun Cinn maidir le bearta an Phlean le foilsiú gach sé mhí, agus tá an chéad cheann le bheith foilsithe thart ar mhí Iúil. Tá dul chun cinn nach beag bainte amach cheana, áfach, i dtaca le go leor beart de chuid an Phlean, chomh maith le tionscnaimh eile a rachaidh chun tairbhe go suntasach do phobail tuaithe.
D’fhonn léargas a fháil ar an dul chun cinn atá déanta go dtí seo, tá Tuarascáil Eatramhach curtha le chéile maidir leis an bPlean Gníomhaíochta um Fhorbairt Tuaithe ina bhfuil cur síos ar na tionscnaimh atá curtha i bhfeidhm go dtí seo. Is féidir teacht ar an Tuarascáil Eatramhach anseo.
View Full Article
