Ceann de na príomh-Cholúin sa Phlean Gníomhaíochta um Fhorbairt Tuaithe is ea Tacú le Pobail Inbhuanaithe. Tá Gníomh 5 faoi choimirce an cholúin sin. Luaitear an méid seo a leanas ann:

Mar chuid de Rebuilding Ireland: Plean Gníomhaíochta don Tithíocht agus don Easpa Dídine, tacú le gach údarás áitiúil freagairt do riachtanais a bpobal agus 47,000 teach sóisialta nua a sholáthar, rud ar cheart go spreagfadh sé tógáil agus gníomhaíochtaí geilleagracha eile ar bhonn áitiúil agus réigiúnach araon.

Chuige sin, rinne an Roinn Tithíochta, Pleanála, Pobail agus Rialtais Áitiúil forbairt, i gcomhar le húdaráis áitiúla, ar an Scéim Deisiúcháin agus Léasaithe faoi Rebuilding Ireland chun cabhrú le húinéirí réadmhaoine a réadmhaoine folmha a thabhairt ar ais chun úsáide.

Is é €40,000 an t-uasmhéid cistiúcháin atá ar fáil faoin scéim. Íocfaidh an Scéim Deisiúcháin agus Léasaithe roimh ré as na deisiúcháin mar mhalairt ar an réadmhaoin a bheith á ligean ar cíos le húdarás áitiúil nó le Comhlacht Tithíochta Ceadaithe lena húsáid mar theach sóisialta ar feadh tréimhse 10 mbliana ar a laghad. Is é an t-úinéir a aisíocfaidh costas na ndeisiúchán tríd an gcostas a fhritháireamh in aghaidh an chíosa atá dlite don úinéir i leith na réadmhaoine thar thréimhse an chomhaontaithe léasa. Áireofar le formhór na n-oibreacha míreanna amhail urláir nua, cistin nua, troscán nua; oibreacha ísealghráid pluiméireachta nó téimh; uasghráduithe éifeachtúlacht fuinnimh; uasghrádú na bhfuinneog agus na ndoirse nó athsholáthar na bhfuinneog agus na ndoirse; insliú; péinteáil agus maisiúchán. Is é 10 mbliana an t-íostéarma léasa agus is é 20 bliain an t-uastéarma léasa. Laistigh de na teorainneacha sin, is féidir fad an léasa a idirbheartú leis an údarás áitiúil agus is féidir go mbeidh an fad ag brath ar chostas na n-oibreacha uasghrádúcháin.

Is féidir tuilleadh faisnéise maidir le ceanglais agus buntáistí na Scéime Deisiúcháin agus Léasaithe a fháil anseo

 

View Full Article