Plean Gníomhaíochta d’Fhorbairt Tuaithe
Tá sé mar aidhm le Fíorú Acmhainneacht na Tuaithe, Plean Gníomhaíochta an Rialtais um Fhorbairt Tuaithe, leas a bhaint as acmhainn iontach phobail tuaithe na hÉireann le feabhas a chur ar shaol na ndaoine atá ina gcónaí agus ag obair i gceantair thuaithe.
Trí chreat tacaí náisiúnta agus áitiúla, tá cur chuige comhordaithe á ghlacadh sa Phlean Gníomhaíochta ar fud an Rialtais i dtaca le forbairt eacnamaíoch agus shóisialta cheantar tuaithe na hÉireann. Cumhdaíonn an Plean tréimhse trí bliana agus tá sraith gníomhaíochtaí faoi cheangal ama ann ar a ndéanfar monatóireacht agus tuairisciú rialta.
Is iad na príomhaidhmeanna:
- tacú le pobail tuaithe inbhuanaithe agus bheoga;
- tacú le fiontair agus le fostaíocht;
- ár n-acmhainn a uasmhéadú maidir le turasóireacht tuaithe agus áineas tuaithe;
- an cultúr agus an chruthaitheacht a chothú i bpobail tuaithe; agus
- bonneagar agus nascacht tuaithe a fheabhsú.

