Supports for Agriculture/Fishing
Bord Bia
Is gníomhaireacht stáit Éireannach é Bord Bia a bhfuil an aidhm atá leis díolacháin bhia Éireannaigh agustáirgí gairneoireachta Éireannacha a chur chun cinn i dtíortha eile agus in Éirinn í féin.
Gníomhaíonn sé mar nasc idir táirgeoirí Éireannacha agus a gcustaiméirí ar fud an domhain. Is chun na críche sin atá roinnt oifigí thar lear aige in Amstardam, i Shang-hai agus i gCathair Nua-Eabhrac, i measc cathracha eile.
Oibríonn Bord Bia ar son táirgeoirí beaga agus táirgeoirí móra araon. Oibríonn sé ar son táirgeoirí beaga trímhargaí feirmeoirí a chur chun cinn agus a dheimhniú agus oibríonn sé ar son táirgeoirí móra trí raon leathan seirbhísí margaíochta idirnáisiúnta a thairiscint.
http://www.bordbia.ie/industry/Pages/IndustryHome.aspx
Clár Food Works
D’fhéadfadh gur spéis le fiontraithe a bhfuil spriocanna uaillmhianacha onnmhairiúcháin acu páirt a ghlacadh sa chlár Food Works a reáchtáiltear i gcomhar le Fiontraíocht Éireann agus Teagasc. Cuirtear tús leis an gclár i mí Aibreáin gach bliain. Soláthraítear struchtúr leis trína bhféadann fiontraithe a smaoineamh a iniúchadh agus é a aistriú ina phlean gnó arb é is aidhm dó infheistíocht sheachtrach a fháil.
http://foodworksireland.ie/apply/
Bord Iascaigh Mhara
Cabhraíonn Bord Iascaigh Mhara le tionscal bia mara na hÉireann a fhorbairt trí shaineolas teicniúil, tacaíocht gnó, cistiú agus oiliúint a chur ar fáil agus trí chleachtas freagrach comhshaoil a chur chun cinn.
An Scéim Shóisialta Tuaithe
Tá an Scéim Shóisialta Tuaithe dírithe ar fheirmeoirí agus ar iascairí atá ar ioncam íseal. Ní mór do dhuine a bheith ag fáil íocaíocht leasa shóisialaigh chun cáiliú le haghaidh na Scéime Sóisialta Tuaithe. Mar chúiteamh, cuireann na daoine a ghlacann páirt sa Scéim Shóisialta Tuaithe seirbhísí ar fáil a théann chun tairbhe do phobail tuaithe.
Is ar an Roinn Coimirce Sóisialaí atá an fhreagracht iomlán as an mbeartas i dtaca leis an Scéim Shóisialta Tuaithe, lena n-áirítear critéir incháilitheachta. Déanann an Roinn faireachán ar chur chun feidhme na Scéime Sóisialta Tuaithe agus tacaíonn sí leis na comhlachtaí éagsúla a bhainistíonn an Scéim ar leibhéal áitiúil. Féadfaidh an Roinn cigireacht a dhéanamh ar Scéim ar bith agus cuairt a thabhairt ar thionscadail freisin. Ar leibhéal áitiúil, tá an Scéim á bainistiú ag comhlachtaí forfheidhmithe amhail cuideachtaí forbartha áitiúla agus, i gcás ceantair Ghaeltachta, ag Údarás na Gaeltachta.
https://www.welfare.ie/en/Pages/Rural-Social-Scheme.aspx
Cúnamh Feirme
Is é is Cúnamh Feirme ann ná scéim speisialta liúntas tacaíochta ioncaim atá tástáilte ó thaobh acmhainne de. Tá sé ar fáil do theaghlaigh feirme i gcásanna ina dtiteann a n-ioncam faoi thairseach áirithe. Má cháilíonn feirmeoir le haghaidh Cúnamh Feirme, is féidir go mbeidh sé incháilithe le haghaidh na Scéime Sóisialta Tuaithe freisin.
https://www.welfare.ie/en/Pages/1058_Farm-Assist.aspx
Cúnamh Éisc
Is é is Cúnamh Éisc ann ná ioncam de réir tástála acmhainne atá ar fáil d’iascaire féinfhostaithe a cháilíonn le haghaidh liúntas cuardaitheora poist, e.g. ní mór dó bheith ar fáil le haghaidh oibre agus a bheith ag lorg oibre agus tástáil acmhainne a shásamh.
https://www.welfare.ie/en/Pages/Fish-Assist_holder.aspx
Teagasc – an tÚdarás Forbartha Talmhaíochta agus Bia
Is é Teagasc – an tÚdarás Forbartha Talmhaíochta agus Bia – an comhlacht náisiúnta a chuireann seirbhísí comhtháite taighde, comhairle agus oiliúna ar fáil do thionscal na talmhaíochta, do thionscal an bhia agus do phobail tuaithe.
Soláthraíonn Teagasc seirbhísí oiliúna agus comhairle chun forbairt fiontar a chur chun cinn agus a chothabháil i gceantair thuaithe. Cuireann sainchomhairleoirí oiliúint gnó nuathionscanta ar fáil dóibh siúd atá ag bunú fiontair nua agus cuireann siad oiliúint agus comhairle ar fáil dóibh siúd a bhfuil a ngnóthas faoi shiúl cheana féin.

