“Eagraíonn Coiste Éigse Mhichael Hartnett i gcomhar le hOifig Ealaíon Chomhairle Cathrach agus Contae Luimnigh Féile 3 Lá Lítríochta agus Ealaíon Éigse Mhichael Hartnett gach bliain sa Chaisleán Nua, Co. Luimnigh, nó an geata isteach go hiardheisceart na hÉireann, mar is fearr aithne air. Níl an baile ach 45 nóiméad tiomána ó chathair Luimnigh agus uair an chloig as Cill Airne. Baile álainn, bríomhar é a bhfuil sé éasca a bheith ag fámaireacht thart ann agus ag dul isteach is amach as a chuid siopaí áille éadaí agus bróg, ar iomaí culaith bainise a ceannaíodh iontu. Is í Féile Ealaíon & Litríochta Éigse Mhichael Hartnett féile iomráiteach Chontae Luimnigh a reáchtáiltear sa Chaisleán Nua gach Aibreán. Bíonn filíocht le feiceáil i bhfuinneoga na siopaí le linn fhéile na hÉigse agus is iomaí dán a chloistear ar na sráideanna, sa leabharlann agus in áiteanna éagsúla nach mbeifí ag súil leo ar fud an bhaile. Bíonn filí Éireannacha agus idirnáisiúnta, scríbhneoirí, smaointeoirí, ceoltóirí, rinceoirí, amhránaithe agus scéalaithe ag baint na sál dá chéile agus iad uilig ag iarraidh a bheith i lár an aonaigh. Cruthaíonn leithead an chláir atmaisféar teolaí, suáilceach as a dtagann tionóil bhríomhara agus comhráite réchúiseacha idir cuairteoirí agus muintir na háite.

Beidh an fhéile ar siúl in ionaid éagsúla ar fud an bhaile agus tagann ‘muintir’ Mhichael Hartnett le chéile chun ceiliúradh a dhéanamh ar an bhfile agus ar an bhfear agus chun é a thabhairt chun cuimhne. Agus sleachta á léamh, taispeántais ealaíon ar bun i scoileanna, i gCoimpléacs Desmond, sa Leabharlann, i nGailearaí an Red Door nó cúpla pionta á n-ól le seanchairde i gclúideacha ar an gCearnóg agus ar Shráid na Maighdine, titeann draíocht iontach, álainn ar an áit: an t-iolra á dhéanamh den ghníomhaíocht aonair seo, léamh agus tuiscint ar an bhfilíocht, go háirithe filíocht Mhichael Hartnett. Tá téama ‘na muintire’ lárnach, ar ndóigh, i bhfilíocht Hartnett. Tá an cheist maidir le cé hiad na daoine ar scríobh sé chucu agus dóibh ina ábhar ar fud a dhánta,

My dead father shouts

From his eternal Labour:

“These are your people!”

agus iad scaití ina n-olagóin den mhíshástacht:

Dying in exile.

To die without a people

is the real death.

Scríobh sé saothar as a raibh sé bródúil, saothar a chuir smior a mhuintire, daoine ar nós Bridget Halpin, John Kelly an gabha agus a mhac Seán, John Cussen, Des Healy, Ned O'Dwyer, i láthair ar bhealach a thug faoiseamh dó.

Is samplaí iad na dánta seo, agus an taifeadadh a rinne sé ar a phróiseas, den mhéid a fhágann gur shárfhile a bhí in Hartnett. Cinntíonn sé gur muide, a léitheoirí a bhfuil grá againn dá chuid filíochta, a ‘mhuintir’ freisin agus, mar sin, tagann muid le chéile gach bliain i mí Aibreáin ina bhaile dúchais chun ómós a léiriú don méid a bhain sé amach agus chun é a thabhairt chun cuimhne.

Mar sin, gach bliain, ar feadh trí lá, iarrtar ar scríbhneoirí, ar fhilí, ar cheoltóirí agus ar an bpobal iad féin ceart a thabhairt don bhuafhocal; tabhair chun cuimhne agus déan ceiliúradh, bí ag gáire nuair a inseoidh Dermot Bolger an scéal a bhíodh ag Hartnett faoin ngrátálaí cáise, abair paidir nuair a smaoinítear ar am an bhróin agus cuirigí croí agus anam sa díospóireacht. Agus níos tábhachtaí ná aon rud eile, déan é le grá. Sin é atá tuillte aige. Níl aon 'bhás ceart’ do Mhichael Hartnett.

Feicfidh muid thuas an baile sibh!!”

Oifig Ealaíon Luimnigh